About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Liturgical Readings for : Sunday, 19th May, 2024
Today's Readings
Readings in English

Domhnach Cincíse

CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal       2:1-11
Líonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt.

Pente1Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair. Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fadina raibh siad ina suí. Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu; agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.

Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acu san. Bhí ionadh agus alltacht orthu: Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin? Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise, Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos in ár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

SALM LE FREAGRA.        Sm 137
Freagra:                                 Cuir amach uait do Spiorad, a Thiarna,
                                                agus dean agaidh na talún a athnuachan.

Malairt Freagra :              Alleluia!

1. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom!
A Thiarna Dia, is rómhor thú go dearfa.
tá t’u éadaithe i maorgacht agus maise,
tá tú gléasta le solas mar le fallaing              Freagra

2. Nach lionmhar iad d’oibreacha, a Thiarna!
Rinne tú gach aon ní le heagna
Tá an chruinne lán da bhfuil déanta agat.
Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom!   Freagra

3. Bíonn siad siúd go léir ag brath ort
chun iad a bheathú in am is a dtráth.
Cruinníon siad le chéile a dtugann tú dóibh:
leathann tú do lámh agus liontar iad.            Freagra

4. Má bhaineann tú an anáil díobh, éagann siad
agus casann siad ar an luaithreach arís.
Nuair a chuireann tú do spiorad uait, cruthaítear iad,
agus athnuann tú aghaidh na talún.              Freagra

Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Galataigh    5:16-25
San aon Spiorad amháin is ea a baisteadh isteach in aon chorp amháin sinn go léir.

A bhráithre, mairigí faoi luí an Spioraid, agus níl aon bhaol go ngéillfidh sibh d’ainmhianta na colainne. Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibhse na nithe is áil libh a dhéanamh.

pente7
Más é an Spiorad atá do bhur stiúradh níl sibh faoi smacht ag an dlí. Is follas iad gníomhartha na colainne, mar atá drúis gáirsiúlacht agus graostacht; íoladhradh agus asarlaíocht;
eascairdeas, achrann, agus formad; fearg, bruíonta, clampar agus faicsin, éad, (murdail,) meisce, ragairne, agus a leithéid eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.

Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach,
grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht, láchas agus measarthacht. Agus níl aon reacht in aghaidh a leithéidí sin! Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcrois.

Ós é an Spiorad atá dar mbeoú, leanaimis a threoir.

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

ROSC

Tar-sa chugainn, a Naomh Spioraid,
fear anuas ó na flaitheasa
léas do sholais mharthanaigh.

Tar, a Dhíon na n-easpaitheach,
tar, a Bhronntóir tabhartas,
tar, a Sholais croítheacha.

Só1ásai ró-charthanach,
aoi sámh cneasta an anama,
fionnuaire ‘alainn thaitneamhach.

Sos i measc ár ndeacrachtaí,
fuarthán sóúil i ngreadaithe,
só1ás i ngol is i gcathuithe.

A lasair aoibhinn bheannaithe,
líon is soillsigh croítheacha
na bhfírean mbocht n-anbhann.

Gan do ehumhaeht is d’fhearta-sa
níl ní ar bith in ár bpearsana,
ní ar bith níl gan pheaea ionainn.

Nigh a bhfuil salach ionainn,
an méid is tur dínn, cneasaighse,
tabhair leigheas dúinn in ár geeasnaitheacht

Cuir i mboige ár gerapaitheacht,
a bhfuil fuar dínn, cneasaighse,
a bhfuil earn dínn, ceartaighse.

Do d’fhíréana tabhairsé,
is go bhfuil a seasamh ort,
seoid do sheaeht naomhthabhartas.

Tabhair luach saothair maitheasa,
tabhair bás faoi mhaise dóibh,
tabhai r aoibh neas parthais.
Amen. Alleluia!

Alleluia Vearsa
Alleluia, alleluia!
Tar chugainn, a Naomh Spioraid, lion croíthe na gCríostaithe,
agus adhain iontu lasair do ghrá.
Alleluia!

SOISCÉAL       

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin      15:26-27, 16:12-15
Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin. Glacaigí an Spiorad Naomh.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
‘Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide
a chuirfidh mé chugaibh ón Athair, Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair,
déanfaidh sé fianaise orm. Déanann sibhse fianaise freisin,pente5
mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach. Tá mórán eile le rá agam libh, ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois; ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne, déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.

Óir ní as féin a labhróidh;
labhróidh sé na nithe a chuala sé, agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.
Tabharfaidh sé glóir domsa, óir is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh. An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é.
Uime sin a dúirt mé: ‘ Is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.’

Soiscéal an Tiarna.     Moladh duit, a Chriost

************************************
Machtnamh ar Bhriathar Dé dia Domhnach na Cincíse

Cad é gnó Spiorad Naoimh? 

Seachas cur síos a dhéanamh ar nádúr an Spiorad Naomh, deir an Bíobla rudaí móra faoin méid a dhéanann an Spiorad, mar a théann sé i bhfeidhm ar an saol. Úsáideann Paul íomhá ón nádúr, ag labhairt faoi thorthaí an Spioraid… mar a bhéadh bláthanna an Spioraid atá le feiceáil i saol an duine. Ní fhéidir an Spiorad Naomh a fheiceáil, ach is féidir linn tionchar an Spioraid a fheiceáil — díreach mar nach féidir linn an ghaoth a fheiceáil ach gur féidir linn a thionchar a fheiceáil ar an domhan. Cibé áit a bhfaighimid grá, áthas, síocháin, foighneas, cairdeas, maitheas, muinín, agus féin-rialú, tá an Spiorad ag saothrú, a thionchar le feiceáil sna dea-thréithe seo. Ba é Íosa an duine a raibh na cáilíochtaí sin go léir aige, mar bhí sé lán den Spiorad Naomh, saol Dé in a iomlán. Sin é Spiorad Dé ó’n a bhfuair muid torthaí saibhre inár saol, na rudaí san faoin a labhraíonn Pól sa dara léacht an lae inniu. Is iad na súáilcí laethúla mar fiúntas, cáilíocht, dílseacht agus d’fhéin-rialú, foighne agus shliocht, mar a dheineann an Spiorad a léiriú ionainn.

Pádraig Ó Rúairí, cp,
Sliabh Argus,
Átha Cliath.
********************************************


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart